Fealsún

Is diabhaltaí mac an tsaol scaití. Thosaigh an togra Fealsún amach i 2008 mar thriail. An bhféadfaí teanga fogharaíochta a dhéanamh den Ghaeilge gan úsáid a bhaint as an Aibítear Fhoghraíochta Idirnáisiúnta (I.P.A., mar shampla /ˈjʊərəp/ ewr-əp nó /ˈjɜrəp/ yur-əp é an fhoghraíocht chlóite de réir an I.P.A. don fhocal “Eoraip). Ba é cuspóir an togra ag an am ná samhail fhoghlama a chur ar fáil do fhoghlaimeoirí Ghaeilge (fásta!) as an iasacht ina raibh siad in ann an treoir a leanach gan cabhair ó mhúinteoir.

Tháining muid aníos le coincheap Fealsún, inar cumadh aibítear aibítearach fhoghraíochta ina bhféadfadh duine gan aon Ghaeilge an Ghaeilge a aithris agus a phiocadh suas gan aon chúnamh.

Tá sé sa bplean cur le Fealsún go rialta ar mhaithe lena húsáideoirí. Mar a tharlaíonn freisin, tá muid ag úsáid an togra mar theimpléid Linked Open Data mar go bhfuil an suíomh lán le data (comhaid meán, comhaid fuaime den chuid is mó) nach ndéanann mórán céille ar ghréasán oscailte na gcomhad mar is eol dúinn ar fad i 2013. Tá súil go gcuirfidh an suíomh seo (maraon le http://www.ard.ie) leis an Linked Open Data Web atá ar tí an gréasán a athrú mar is eol dúinn ón talamh aníos!