Inniúlacht Cartlainne Meán

icm_logo

Thosaigh Ard Media amach ar an saol mar ICM, Inniúlacht Cartlainne Meán. Ina chéad chúpla bliain ar an bhfód, bhí ICM ag feidhmiú sa gcúlra, sin le rá ní raibh aoibh phoiblí aige. Thóg muid

  • uirlísí rochtana meán do Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban
  • cainéal inaistrithe ar an togra meán is tábhachtachtaí le blianta beaga anuas san Aontas Eorpach, Europeana
  • iTunes U-COGG  ar an iTunes Store

Os rud é go bhfuil ár saothar rud beag níos feiceálaí don phobal anois, tá an t-ainm Ard Media uchtaithe mar go gcuireann sé síos orainn ag an staid seo níos fearr mar nach saotharlann muid níos mó. Tá muid ag tosaigh amach ag freastal ar phobal domhanda atá uathu ábhar Gaeilge a rochtain, cuma cén cruth atá ar an ábhar siúd.

Bí isteach agus bí i dteagmháil mar atá ráite againn ar an leathanach teagmhála. Ba bhreá linn cloisteáil uait agus aon smaoineamh nó tuairim a bheadh agat ar an togra seo, nó bainteach, a phlé leat.

Le dea-mhéin,

Marcus Ó Conaire agus foireann ICM Ard Media