Lichtgrenze: Mauerfall 25

Tuairisc ar “Maeurfall 25,” comóradh chinn bhliana ar thitim bhalla Bheirlín i 1989

Dé Luain, 3 Samhain

Bhí an t-ádh orm agus mé ag tabhairt cuairt ar Phádhraic Ó Dochartaigh ina theach cónaithe i gceantar Wilmersdorf Bheirlín le laethanta beaga anuas. Chúpla lá roimh réidh, bhí sé ag taispeáint plaic mór a baineadh as balla Bheirlín do chairde leis. Seo leac a chroch sé leis timpeall deireadh na bliana 1989, cuid de bhalla Beirlín, nuair a tháinig sé ar dhá bhosca sa siléar aige, a bhailigh sé timpeall an am céanna, lán le smionagar agus smidiríní den bhalla.

Is iomaí “snagaire-balla” (Mauer Spechter) mar a thug Pádhraic orthu, a bhí ag baint as an mballa ag an am: na mílte daoine ag baint as le casúr agus siséal. Dá ndúinfeá do shúile, a deir Pádhraic, d’fhéadfá a shamhlú cén chaoi ar airigh sé sna meán-aoiseanna agus ard-eaglais á dtógáil, na mílte oibrithe ag obair ar an gcloch ag an am céanna. Lean sé seo ar aghaidh ar feadh na míosa dar leis, suas le sé mhí go deimhin.

bernauer_str_gedenkstaette

Amharc ar an “Todesstreifen,” ag Bernauer Straße i dtuaisceart na cathrach. Súil aniar…is ionann an talamh glas agus latrach Bhalla Bheirlín.

Tá an balla go deimhin imithe, ach níl an lorg stairiúil a d’fhág sé, go mórmhór an stát “éagórach” mar atá curtha i leith an DDR, Poblacht Daonlathach–Oirthear–na Gearmáine. Tá an díospóireacht seo faoi lán-seoil inniu de bhuíochas an achar ama atá caite ó a d’éag an stát a mhair ar an taobh thoir don sean-teorainn idir 1945 agus 1990, mar a mhíníonn an staraí, An Dr. Axel Weipert, údar an leabhair “Das Rote Berlin”. Beidh méara ón bpáirtí „Die Linke“ an eite-chlé a d’eascair go pointe ó shean-réimeas SED an DDR i stát Thüringen go gairid. Ní mó ná sásta atá go leor leis seo, ach is alltacht atá ar go leor ar roinnt de lucht leanúna Die Linke ar an eite chlé gur éagóir ann féin é a bheith ag tabhairt stát éagórach ar iar-Oirthear na Gearmáine, agus neamhní á dhéanamh as aon dea-rud a d’eascair as. Agus is amhlaidh go mbeidh níos mó á chloisteáil ar an ábhar seo le himeacht ama.

Dé hAoine , 7 Samhain

Castar Berliner den scoth dúinn agus muid i mbun taifeadta. Cuireann sé é féin in aithne dúinn, Wolfgang é a ainm breithe ach is de réir a leasainm “Otti” is fearr atá aithne air anseo. Cuireann sé an-spéis sa Lichtmauer mar go bhfuil gach ceann de na balúin atá mar chuid den Teorann Soluis, nó Lichtgrenze ceannaithe ag duine a raibh baint acu leis an gcathair ag an am, agus mar sin a scéal féin aige. Mar a mhíníonn sé dúinn, scaoilfear an 9,000 balún sa spéir ar lá deireadh an chomóradh–sin é oíche an chomóradh, Dé Domhnaigh, an 9 Samhain 2014. Beidh an deacracht ag chúpla balún atá sáinnithe faoi chrainn a chloistear uaidh sa bhfíseán agus gáire groíúill uaidh, gliondar ina shúile.

An raibh mé thimpeall ar an 9ú Samhain 1989? Ar ndóigh, bhí mé obair sa teach tábhairne timpeall an choirnéil uainn anseo, a mhíníonn sé. “Die kommen über die Mauer!” (Tá siad ag teacht thar an mballa!) a béiceadh air. Níor thug sé aon ard ar na tuairiscí i dtosach, ach sa deireadh a deir sé, “níor tháinig mé amach as an teach ósta go ceann trí lá mar go raibh sé lán go béal.

Foilsíodh an scéal seo don chéad uair ar an 9 Samhain 2014, http://tuairisc.ie/fisean-tuairisc-o-bherlin/.