Ceardlann APARSEN, BÁC, 4-5 Meitheamh

Reáchtáladh ceardlann APARSEN ‘Trust and Digital Preservation’ in mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. D’óstáil Acadamh Ríoga na hÉireann an cheardlann.

Bhí beirt bhall d’ICM Ard-Media i láthair ag an gceardlann seo. Tá tábhacht ar leith do Ard-Media san ábhar seo mar go bhfuil iontaofacht cartlainne digití mar cheann de na bpróisis riachtanach chun cartlann iontaofa sonraí nasctha saor-rochtana a bhaint amach. Mar sin, beidh tuilleadh ar an ábhar seo ar blog.ard.ie.

Hervé ag tabhairt a chur i láthair ar an dar lá den cheardlann.
Hervé L’Hours ag tabhairt a chur i láthair ar an dar lá den cheardlann.

Tuilleadh:

APARSEN, http://www.alliancepermanentaccess.org

Digital Preservation Coalition, http://www.dpconline.org

 

An buachaill…ar lean

Mar a rinneadh cur síos ar sa bpostáil dheireanach, It’s a boy!, tá sé curtha in iúl dúinn gurbh

linked open data            sonraí mpl nasctha saor-rochtana

an téarma nua oifigiúil ar linked open data. Má tá spéis agat i gcéard a chiallaíonn linked data (agus linked open data), sonraí nasctha saor-rochtana, breathnaigh ar an scannán seo ó EuropeanaLinked Open Data – What is it?

Agus coinnigh súil amach ar an suíomh seo go bhfeicfidh tú níos mó uainne ar shonraí nasctha saor-rochtana!
Ar deireadh, buíochas freisin le Jenny Ní Chumhaill, Ailbhe O’Reilly agus An Coiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge.

foclóir

europeana_meabhraigh